An bolg ar an tolg

Ag éirí trom ag amharc ar chúrsaí spóirt


Ní fada go mbeidh na páistí ag tabhairt “an bolg ar an tolg” orm. Tarlaíonn sé i gcónaí an t-am seo bliana – tosaíonn an pheil Ghaelach agus luím siar, ar nós imipire de chuid na Róimhe, ar an tolg. Tá a fhios acu cá mbeidh mé le fáil tráthnóna Dhomhnaigh – ag aistriú liom idir BBC Thuaisceart Éireann agus RTÉ ag amharc ar cibé cén cluiche atá á chraoladh.

Is fíor nach bhfuil mé ag cur suas oiread sin meáchain i mbliana agus a chuirinn – a bhuíochas sin le droch-chaighdeán na peile in Ulaidh. D’éirigh mé as amharc ar gach aon chluiche Ultach faoi leath ama i mbliana. Leoga, bhí an cluiche idir an Cabhán agus Ard Mhacha chomh holc sin gur loic ar an chóras leictreachais i mo cheantar. Lá aithreachais ní raibh orm.

D’imigh mé amach ar mo rothar ar feadh cúpla uair an chloig agus tháinig abhaile griandóite – #mallachtanfhirrua.

Agus na hEuros sa mhullach orainn fosta, is beag seans go mbeidh mé chomh caol le cú faoi dheireadh an chomórtais.

READ MORE

Cuireann an bheoir agus na brioscáin phrátaí cathú orm agus géillim.

(Sa chás go mbíonn corrbhotún gramadaí sa leathanach seo, ná tóg orm é. Tóg ar na huailse Peroni, Bittburger, Erdinger agus a gcairde é.)

Ó tharla nach bhfuil an t-airgead agam dul thar sáile ar saoire, caithfidh mé mé féin a shásamh leis an eispéireas Eorpach sa bhaile. Sea, níl baol ar bith ann go bhfeicfear i mbrístí beaga tricolour sa Fhrainc mé agus mé ar lorg beáir leis an aicsean uilig a fheiceáil.

Mar sin féin, ní leithscéal ar bith é sin le faillí a dhéanamh san oidhreacht Eorpach – an chuid sin den oidhreacht a thagann as buidéal nó ar phláta.

Tá fáilte agus fiche romhat féin, a chomrádaí an toilg, páirt a ghlacadh sa chamchuairt Eorpach fosta. Molaim go ndéanann tú rud beag taighde roimh ré, go roghnaíonn tú an bheoir agus an bia sula dtosaíonn an cluiche, go gcleachtann tú do chuid teangacha Eorpacha eile diaidh ar ndiaidh.

Agus tú ag ól Peroni, ná bíodh eagla ort d’Iodálach inmheánach a scaoileadh saor – lig do do lámha labhairt ar do shon agus an choimhlint romhat ar an pháirc.

Má tá an cúpla focal féin agat, abair os ard iad – tá barraíocht Béarla ar an phláinéad!

Ach seo ná gabh thar fóir leis an chaint.

Is fearr an cúpla canna ná titim ar do thóin. Ná tabhair aird ar bith ar na daoine sin a deir gur fearr a gcuid Gaeilge ach iad ólta. Is beag seans go dtiocfaidh feabhas ar do chuid Gearmáinise agus tú rud beag betrunken.

Ach ná cuireadh sé iontas ort má bhíonn tú níos troime faoi dheireadh an chomórtais ná ag a thús. Nach í sin an íoróin is mó a bhaineann le spórt?

Ní chailleann duine ar bith againn calraí agus muid ag amharc ar chluichí. A mhalairt ar fad. Diaidh ar ndiaidh, líonann muid ár mbolg go dtí go mbíonn muid chomh mór le Jabba the Hut.

Sa chás go dtosaíonn do ghrá geal ag tabhairt amach duit as barraíocht ama a chaitheamh ar an tolg, abair gur ag tacú leis an Ghaeilge atá tú.

Ní bréag a bheidh ann.

Tá na daoine cineálta sin in RTÉ i ndiaidh a fhógairt go mbeidh tráchtaireacht teilifíse i nGaeilge le fáil den chéad uair riamh ar chluichí sacair de chuid na hÉireann.

Cuirfidh RTÉ rogha tráchtaireachta i nGaeilge ar fáil don lucht féachana ar RTÉ2 agus beidh an tseirbhís ann do chluichí uile na hÉireann, an chéad cheann acu sin i gcoinne na Sualainne ar 13ú Meitheamh. Beidh an rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó i mBéarla ar fáil ar ardáin Saorview agus Sky.

Beoir. Bia. Spórt. Agus comhrá Gaeilge ar an tolg.

Anois ar theacht an tsamhraidh...