An Gealbhan Glas

Ná bac le páirt a ghlacadh i gcomóradh féasta fola


Is dócha gur cheap sibh go raibh sé le sleamhnú tharaibh, ach níor dhein. Brúitear cuimhneamh siar orainn, go fiú nuair nach bhfuil fhios againn go raibh rud ar bith le cuimhneamh air.

Pé rud mar gheall ar ‘10 mbliana na gcuimhní’ níor cheapamar go dtarraingeofaí siar sinn go cogaí thús na 19ú haoise.

Ach is léir, iad siúd a bhfuil cuimhne acu, tá cuimhne acu. Ní bhíonn sa chuimhneamh ar an aimsir chaite ach an aimsir láithreach móide trumpa.

Ní móide go mbeidh choíche aon lua ar gach cath is coimhlint dar tharla leis na céadta bliain anuas. Cuimhnítear ar na cogaí ar fiú cuimhneamh orthu. Cuimhnítear ar na cogaí sin a raibh bua glórmhar iontu, dar leis an aimsir láithreach.

READ MORE

Ó sea, Napoleon, an gealbhan glas, mar is chuige atáim, Chuir an Bhanríocht saghas Aontaithe sraith de stampaí amach mar chomóradh ar an sléacht agus ar an ár a raibh siad féin níos éirithí sa bhás ann seachas mar a bhí na Francaigh faoina Impire beag biorach.

D’fhreastail príomhaire an stáitín seo againn féin ar chóisir agus ar fhleá inar déanadh mórtas faoi dhlúthpháirtíocht na n-amhas Éireannach i gcath gránna úd Waterloo.

Bhí príomhairí agus seansairí agus ardghángairí na stát éagsúla Eorpach ann, beef Wellington agus branda Napoleon á cogan agus á slogadh acu le haoibhneas.

Ach ar chúis éigin nach dtuigim go hiomlán, ní raibh Proinsias na hÍsiltíre, Francois Hollande, uachtarán na Fraince in aon chor ann!

Conas san?

Nach Eorpaigh sinn go léir anois?

Nár cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na seanfhaltanais sin?

Míniú cén fáth nach raibh an tOllandach ag diúgadh na gcárt i dteannta a chomhEorpach eile ar chárta poist go dtí Roinn na Tuisceana Stairiúla, le bhur dtoil…

Ní chloisfidh tú gíocs mar gheall ar scrios Islandwana nuair a bhuail Zúlúaigh dhorcha gan éadaí arm na Breataine ar an 22ú Eanáir 1879 i mball ar ar tugadh an Afraic Theas air ina dhiaidh sin; agus ní dhéantar mórshiúl trí shráideanna Pharis ag comóradh turnamh na bhFrancach ag Dien Bien Phu ag daoine gan bhróga; agus ní léir dom gur lá saoire ar fud na gcríoch Turcach é a mbualadh ag Lepanto, cailliúint a d'fhág nach mbeadh caille ná yashmak ná búrca á gcaitheamh ag mná na hEorpa fós.

Ar chúis éigin – tochas cinn eile anseo – ní dhéantar comóradh ar chathanna a cailleadh.

Abraimis, mar shampla deas amháin, ní follas go mbíonn fir bhuí amuigh go buí beannachtach ar an mBeann Bhorb gach 5ú Meitheamh (cé go bhféadfadh lá iontach picniciúil a bheith ann).

Bhí rud éigin faoi leith, áfach, ag baint le Waterloo. B’é an chéad chath cinniúnach mór é ina raibh na hamhais Éireannacha go mór i sás na fola ar thaobh na Sasanach.

Roimhe sin is ag troid ar son na bhFrancach nó na Spáinneach nó na nOstaireach a bhí siad, ach ní bhaineann na haighnis sin linn níos mó.

B’é ba ghátaraí a léiriú go rabhamar san aon phota leis na Sasanaigh, agus dá réir sin bhí an Chrimé go breá, agus an Somme go hálainn, agus na Dardanelles thar barr amach.

Bhí aon fhadhb mhór ag baint le Napoleon agus le Waterloo, áfach.

Is é sin, fág go raibh amhais bhochta gan airgead ag iarraidh na scillinge (“Ribbons flaunt and feathers gay/The sights and sounds are surely thrilling/Dazzled village youths today/ Will flock to take the Saxon’s shilling”) agus dá réir sin ag troid in aghaidh an ghealbhain ghlais, bhí na hamhráin go léir idir Ghaeilge agus Bhéarla ar an taobh eile.

In ainneoin saighdiúirí na gcótaí dearga as Éirinn ina mílte bhí an pobal sa bhaile ar son bréiv Bhónaí agus iad ag súil le dtiocfadh chun iad a tharrtháil – “Is nach aoibhinn don lá a thiocfas Bónaí’, nó “For the bells of the chapel will resound a ditty/ To welcome Napoleon to Erin the green.”

Is féidir linn seasamh siar anois agus glacadh go soiléir leis gur deachtóir ba ea Napoleon, Impire go deimhin a leag an choróin ar a chloigeann mór ataithe féin.

Níorbh fhearr aon phioc na himpiriúlaigh a bhí ina choinne, áfach; agus ghabh na céadta míle d’ógánaigh bhaotha ag troid ar son an dá thaobh, gan cheist, gan fhiafraí, gan fhiosracht, mar a dhéanann.

Cén fáth go mbeimis ag glacadh páirte ar bith i gcomóradh 200 bliain ar ais, sinn ag caolú isteach an dorais chúil timpeall ar fhéasta fola na nImpireachtaí ar chuma leo fúinn beag ná beag ná bídeach?