Is fada i mbun an mhasla muid

‘Go n-ithe an cat thú, is go n-ithe an diabhal an cat’


Chonaic mé mír nó dhó ón gclár teilifíse The Notorious faoin mBaile Átha Cliathach óg Conor McGregor a bhfuil ionad ard bainte amach aige mar throdaire UFC sna Stáit Aontaithe ar na mallaibh.

Ag pointe amháin sa chlár a chonaic mise, deir duine de chéilí comhraic faoi McGregor: “Bhuel, má throideann sé leath chomh maith agus a mhaíonn sé faoi féin..”

Go nuige seo, tá briathra catha dána an fhir as Baile Átha Cliath ag teacht lena éachtaí sa chró troda mar sin féin.

Deirtear go bhfuil sé i gceist ag McGregor troid chinniúnach a bheith aige i gcomhair an churaidh dhomhanda i gcathair na soilse, Las Vegas, roimh dheireadh na bliana.

READ MORE

Is follas ó na lámhscríbhinní is sine dá bhfuil againn gur bhain an aoir, an masla agus an áibhéil leathdháiríre a thiomsaigh an dá ghné sin le chéile go dlúth le cultúr na nGael leis na cianta cairbreacha.

Seans go bhfuil siad ar na gnéithe is sine de chultúr ár sinsir a mhair síos go dtí an lá inniu agus a tháinig slán ó threascairt na Gaeilge le cúpla céad bliain anuas.

Ní hamháin go raibh meas mór orthu siúd a raibh cumas cainte agus líofacht teanga acu – lucht na dea-chainte mar a mhaítear tráth – ach bhí ionad faoi leith acu laistigh den chóras treibheach agus na síorchogaíochta ar gnáthshaol na gCeilteach san am atá thart é.

Léiríonn tagairtí do lucht faicsin ó lár an 19ú haois fiú, gur coitianta deasghnátha faoi leith roimh thosach na dtroideanna, deasghnátha a raibh idir lámh is focal go sonrach leo. Níorbh annamh go ndéanadh dream amháin an dream eile a mhaslú roimh ré, agus caitheamh anuas ar a ngaolta agus a gcuid sinsir mar chuid de sin.

De réir na bhfoinsí staire a áirítear leis na Ceiltigh, ba mhinic gaiscíoch ó thaobh amháin ag dul amach ar láthair an chatha i bhfoisceacht radharc na súl dá namhaid.

Ag maíomh as a shinsir féin agus ag maslú ghinealach na namhad a dhéanadh an gaiscíoch, é nocht seachas a phéint chatha agus ag scréachach agus an namhaid á chiapadh aige. Maítear go mbeadh an gaiscíoch céanna ar mire beagnach agus an racht maslaithe á chur de.

Seans go raibh fírinne stairiúil áirithe sa radharc scannáin sin in Braveheart Mel Gibson mar ar thaispeáin na Ceiltigh a dtóin le harm na Sasanach. "Póg mo thóin" – nath cainte a chloisfeá níos minice sna Stáit Aontaithe inniu ná mar a chloisfeá ar an seanfhód dúchais, aisteach le rá – á gháir go glórach i nGaidhlig bhlasta a linne.

Caithfidh go raibh cosúlachtaí áirithe idir an deasghnáth ársa sin agus an “haka” mar a chomhlíonann pobal Mhaori na Nua-Shéalainne agus foireann rugbaí na tire céanna é sa lá atá inniu ann. Ní déarfaidh mé faic faoin mbéicíl a bhíonn ar siúl sa Dáil ach gur scáthán é Tithe an Rialtais a thugann pictiúr maith dúinn den easaontas glórach a bhíonn ar siúl ag an bpobal suaite seo le cúpla míle bliain anuas.

Suimiúil go leor, dála na nÉireannach tráth dá raibh, tá traidisiún an mhaslaithe ar bhonn eitneach nó mar a bhaineann le sinsir agus ginealach an namhad ag na Sínigh i gcónaí, cultúr nach samhlófá go raibh mórán cosúlachtaí againn leo ar an gcéad amharc.

Uaireanta, de réir na seanscéalta, ba ina charbad a théadh an laoch céanna amach ar láthair an chatha, bailiúchán de chloigne dícheannaithe a naimhde a maraíodh sa chath ba dheireanaí ceangailte de, iad á dtaispeáint go hoscailte, nó an laoch ag séideadh faoina chéilí comhraic.

Níl ach iarsmaí díobh fanta anois. Tá “Póg mo Thóin” cloiste go mion minic againn. Nath cainte eile a d’airigh mé nuair a bhí cónaí orm sa Bhreatain tamall de bhlianta ó shin ab ea: “I never forget a face, but in your case I’ll make an exception.”

Tá scata mallachtaí sa Ghaeilge. An sna leabhair amháin atá siad nó an bhfuil siad fós i mbéal na ndaoine: “Mallacht Chromail ort: tochas gan ingne!”?

Tá cultúr eile ar fad tagtha i réim anois, an cheartaiseacht pholaitiúil nó an cultúr PC mar a thugtar air. Go deimhin, deir cuairteoirí áirithe chun na hÉireann go bhfuil tír seo na naomh agus na n-ollúna, Insula Doctorum at Sanctorum, ar na tíortha is ceartchreidmhí ar domhan sa lá inniu.

Is mór idir inné agus inniu áfach. Níl i mbréagmhasluithe agus caitheamh anuas leathdháiríre dhomhan na dornálaíochta agus an UFC ach macallaí ó ré atá imithe le fada.