Saol corrach foilsitheora

Tá mórán ceachtanna le foghlaim as scéal Sháirséal agus Dill


Iontas. Bród. Fearg. Sin na mothúcháin a bhí orm i ndiaidh dom Sáirséal agus Dill 1947-1981: scéal foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht) le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt a léamh.

Iontas mar gur éirigh le bunaitheoirí an chomhlachta foilsitheoireachta seo, Seán Ó hÉigeartaigh agus a chéile mná, Bríghid, an oiread sin a bhaint amach ar a gconlán féin agus as a stuaim féin. Bí ag caint ar cheannródaithe, ar ghníomhaithe teanga.

Seo beirt a rinne íobairt i ndiaidh íobairte le go mbeadh ábhar léitheoireachta ag lucht na Gaeilge. Státseirbhíseach a bhí ann mar Sheán agus d’éirigh Bríghid as a post mar mhúinteoir le haire a thabhairt dá gcúram clainne agus cló.

Ba iad a bhí fial lena gcuid ama agus lena gcuid airgid.

READ MORE

D’oibrigh Seán leis i ndiaidh dó lá oibre a dhéanamh sa státseirbhís agus choinnigh Bríghid an dé san fhiontar i ndiaidh go bhfuair sé bás antráthach sa bhliain 1967 agus gan ach 50 bliain aige.

170 leabhar an toradh a bhí ar an obair nó 171 má chuireann muid an ceann seo san áireamh nó páistí na beirte, Cian agus Aoileann, atá freagrach as an “gharpháiste” seo de leabhar a thabhairt ar an saol.

Cuireann Seán agus Bríghid bród ort; tugann siad ort níos mó a dhéanamh. Cuireann siad bród ort mar go ndearna siad iarracht cultúr na tíre seo a shaibhriú trí leabhair a chur ar fáil – téacsleabhair scoile; filíocht; stair; fealsúnacht; gearrscéalta.

Níor spéis leo cultúr an tomhaltóra; cultúr gníomhach a chothaigh siad. Chuaigh siad ar lorg scríbhneoirí agus labhair siad leo.

Ghríosaigh údair agus ealaíontóirí chun oibre; chuir siad a saothar i gcló agus rinne siad stocaireacht thar a gceann i measc lucht díolta leabhar agus lucht bronnta deontas.

Liosta le lua na scríbhneoirí a chothaigh siad – Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Liam Ó Flaitheartha, Máire Mhac an tSaoi – gan ach dornán a lua. Chaith muintir Uí Éigeartaigh a gcuid airgid féin ar an obair agus lorg siad cibé cén deontas a bhí le fáil – go drogallach go minic – ón státchóras.

Ní hiontas é – agus cúrsaí mar a bhí – go raibh iaróga le húdair, ceardchumainn, polaiteoirí agus státseirbhísigh ann.

Is é an t-iontas é go raibh muintir Uí Éigeartaigh chomh fial sin ina gcroí agus ina n-anam gur fhulaing siad aighneas agus gur lean siad leo in ainneoin na ndeacrachtaí.

Amharc, mar shampla, mar a caitheadh le Bríghid agus í ag teagasc sa Tuaisceart. Tugadh uirthi móid dílseachta a thabhairt agus í ag múineadh ar an Bhaile Meánach, Co Aontroma.

In éadan a tola a shínigh sí an mhóid chéanna ach i nGaeilge a rinne sí é. Lean comhfhreagras idir státseirbhísigh a cinneadh ach níor briseadh as a post í.

Sheas sí an fód. Go béasach agus le dínit, gan dochar a dhéanamh do dhuine ar bith. Bród. (Sa bhliain 1943 a tharla sé sin agus níl deireadh le conspóid faoi úsáid na Gaeilge sa Tuaisceart go fóill.)

Mar sin féin, corraíonn an fhearg ionat. Cinnte, cad chuige nach mbeadh fearg ann? An oiread sin oibre agus a laghad sin tacaíochta a bhí i gceist leis an fhiontar. Is rud luachmhar é a bheith beo ach imíonn an t-am. Tugann gach aon rud a sheal – an duine féin fosta. An uair an chloig a chaitheann tú ar phrofaí a léamh, sin uair nach gcaitheann tú le clann agus cairde.

Bhí íobairt i gceist anseo agus fiafraíonn tú díot féin cad chuige nach dtiocfadh leis an státchóras an íobairt sin a mhaolú – fiú i bhfianaise chomh neamhfhorbartha agus a bhí cúrsaí an t-am sin.

Is tráthúil go dtagann an leabhar seo chugainn agus an chéad chruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge díreach críochnaithe i mBaile Átha Cliath.

Déarfainn go n-aithneodh foilsitheoirí agus lucht pinn an lae inniu na fadhbanna céanna agus a bhí ag muintir Sháirséal agus Dill.

Is cinnte go n-aithneodh na scríbhneoirí na fadhbanna céanna – tá na ceisteanna céanna ann faoi airgead anois agus agus a bhí ann thiar san aois seo caite.

Nár chóir go mbeadh fearg ar lucht na Gaeilge go bhfuil na fadhbanna céanna ann agus a bhí ag muintir Sháirséal agus Dill? Cad é an dul chun cinn atá déanta i ndáiríre?

Cuireann Seán agus Aoileann ceist ag deireadh a scéil: “Arbh fhiú é?”

Is pobal an dóchais iad lucht na Gaeilge – don chuid is mó! – agus caithfidh an léitheoir seo a rá gurbh fhiú é.

Tá mórán leabhar de chuid na bhfoilsitheoirí seo ar an tseilf agam; leabhair a cheannaigh mé agus leabhair a thug pléisiúr dom thar na blianta.

Ní raibh aithne ar bith agam ar mhuintir Uí Éigeartaigh ach ba bhoichte i bhfad mo shaol cultúrtha murach iad.

Arbh fhiú é?

Tá foilsitheoirí againn go fóill. Tá siad ag obair leo. Cuireann siad leabhair mhaithe ar fáil.

An mbeidh na foilsitheoirí sin fós linn i gceann deich mbliana, 20 bliain, 30 bliain?

Seoltar cóip de Sáirséal agus Dill: scéal foilsitheora chuig feidhmeannaigh agus polaiteoirí le go ndéanfar cinnte de go mbíonn.

Seolfaidh an tOllamh Cathal Ó Háinle Sáirséal agus Dill 1947-1981: scéal foilsitheora Dé hAoine, 23ú Eanáir, ag 6pm san Odessa, Events Room, Cúirt an Dáma, Baile Átha Cliath 2.