Duais an dinimiteora

Tá droch-cháil ar dhuais Nobel ach is fiú cuid de na buaiteoirí


Is beag duais de dhuaiseanna Nobel an dinimiteora Alfred a thuill oiread san droch-cháile is a thuill duais na síochána.

B’fhéidir go bhfuil intuigthe go mbronnfaí ar Bheairic Ó Buama é i dtús a ghreise nuair nach raibh ach cúpla teaghlach Pacastáineach scuabtha chun siúil aige an lá sin tar éis a insealbhaithe.

Bhí ar a laghad an dóchas ann go bhféadfadh sé… “Is féidir linn…” Chruthaigh sé gurbh fhéidir leis, gan dabhta.

Ba dheacaire fós gradam Annraoi PógbháisKissinger a thuiscint, go háirithe tar éis dó a bheith freagrach as an mbuamáil b’uafásaí i stair an chine dhona riamh ar ghnáthdhaoine Hanoi um Nollaig úd na bliana 1972; nó Menachem Begin nár staon riamh den fhoréigean nuair a d’fhéadfadh beagán cainte an bheart a dhéanamh.

READ MORE

Níor bronnadh an duais ar an bhfakir beag Mahatma Gandhi in ainneoin gur ainmníodh cúig huaire é, ach bhí cumhacht ag an mBreatain Mhór in aghaidh an fhoréigin an t-am sin nach bhfuil chomh soiléir anois.

Is de shuimiúlacht gur neachanna de chuid Iarthar Domhain ar fad a ghnóthaigh seicilí an dinimiteora ar feadh chéadtréimhse leath na duaise, agus b’fhéidir go raibh cúis leis sin. B’iad airm Iarthair Domhain is mó a scrios an tsíocháin ar dhaoine gur chuma leo polaitíocht na Fraince, na Breataine, na Poirtingéile nó pé dream is rogha leat.

Is le fíordhéanaí a buaileadh isteach inár n-aigne gur fairsinge an domhan ná leithinis bheag na hEorpa agus a garlamhac na Stáit Santaithe.

Cuid de thuiscint dhéanach sin na Lochlannach is ea bronnadh Dhuais na Síochána ar Kailash Satyarthi agus ar Malala Yousafzai i mbliana.

Uaireanta bronntar an duais ar son obair ghaisciúil i gcaitheamh na mblianta fada, mar a tharla anois i gcás Kailash Satyarthi a dhein oiread sin ar son páistí a theasargan ón sclábhaíocht thionsclaíoch le leathchéad bliain anuas.

Má chaitheann tú níos mó airgid a íoc ar son cairpéid nó brící nó bróga, is eisean an buachaill atá ciontach.

Ná déantar gearán leis an rialtas, ach leis an dúgudar seo a raibh sé de dhánaíocht ann cearta daonna a bhaint amach do pháistí óga.

Uaireanta eile is cuma nó siombail atá i mbronnadh na duaise, agus tá a dtábhacht féin ag baint le siombail mar atá ag trumpaí á séideadh, prás á fhuaimneach agus ciombail á gclingeadh.

Ní féidir gan a cheapadh gur siombail go príomha í Malala Yousafzai in ainneoin a bhfuil déanta aici ó shin fórsaí an dorchadais agus an aineolais a chloí.

Is beag rud is barbartha meoin ná a bhfuil de chumhachtaí móra amuigh ansin ag dúnadh doirse an oideachais ar fud an domhain, más Ioslamaigh bhuile iad sa chás seo go sonrach, nó fórsaí níos caolchúisí a chúngódh an t-oideachas abhus ar aicmí gan mhaoin, ar ábhair nach dtálfaidh airgead lofa, is ar intinní nach bhfuil intomhaiste.

Is í an fhadhb atá ann maidir le siombail de ná go nglacfaí mar oracal é. Ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh ráitis Mhalala ar na ráitis ba ghaoismhire amuigh riamh as iomláine a seacht mbliana dhéag.

Ó, tá nithe iontacha ráite aici, agus iad sin amach as a fulaingt agus as a díocas féin: í ag screadaíl ar son an oideachais, go háirithe ar son na mban ar ceileadh sin orthu i dtíortha barbartha agus i bhfearainn nach dtuigeann an chothromaíocht le ceart ceart.

Daoine ag dul ar scoil gach lá mar ghnáthchleachtas laethúil, adeir sí, ach in áiteanna eile tá “ocras an oideachais” orthu.

Nach iontach míorúilteach an méid sin féin nuair is aoibhinn le daoine oideachas ar son gur féidir leo sópoparaí a fheiscint agus an Sun nó an Star a léamh seachas beagán machnaimh a dhéanamh beagán beag?

Ní hé gach aon duine a bheidh sásta léi, áfach, nuair adeir sí má tá cead ag mná dul chun na trá agus gan éadaí ar bith orthu, go bhfuil an ceart céanna acu na sráideanna a shiúl agus gach éadach is mian lena meon orthu? Níl cead aici é sin a rá!

Agus cad tá á dhéanamh aici ar aon nós leis an bhfallaing amaideach sin uirthi amhail is dá mba bhean seáil bhocht í ó 50í na haoise seo caite in Éirinn?

Nach bhfuil a fhios aici más mian léi a bheith neamhspleách agus ar a toil féin nach foláir a bheith ar nós Andreea Campbell agus Naomi Emmanuel agus Scarlett Cuckoo-Sweeting ?

Cad í an dáine bhuile a thugann cead di cur suas don Taliban ach gan géilleadh dúinne?

Mise á rá leat nach fada go mbainfear an seál sin di, is go dtuigfidh sí cad is oideachas ceart ann!